Dé Máirt, Lúnasa 21, 2012

Samplan de Ghaelg Reachraidh - le fuaimeanan



Samplaí de Ghaeilge Reachlann ó chomhrá idir Bella John Ruadh Mhic Mhuireachtaigh le Liam Mac Carráin, Béal Feirste.

Tá an Ghaeilge Reachlann le feiceáil ar dtús agus an Ghaeilge chaighdeánach ina diaidh.

Seo Gaeilge ón 'Taobh Uachtarach' de Reachlainn, rinneadh an taifeadán (físeán a bhí ann) go mall san seachtóidí.

Gaeilge Reachlann 'mhall' atá i gceist, cé gur taifeadadh go leor ábhar ó leath-chainteoir dúchais ina dhiaidh seo. 

Fuair an cainteoir bás sna hochtóidí, bhí cónaí uirthi i mBéal Feirste den chuid is mó dá saol.

Tá sé suntasach áfach, go gceartaíonn sí féin in amanna, as a bheith ag baint úsáid as fhoghraíocht 'Chonallach'.
Tuigtear dom gur fhreastail sí ar ranganna Gaeilge i mBéal Feirste, ag foghlaim cuid Gaeilge as na Rosaibh, canúint a bhí thar a bheith faiseanta i measc Ghaeilgeoirí Chois Cuain ag an am sin.


Is féidir go gceapfadh daoine inniu go bhfuil sé sin aisteach. Ach cuimhnigh gur chuir Conradh na Gaeilge cainteoir dúchais as na Rosaibh chun Gaeilge a mhúineadh dóibh - fiú nuair a bhí neart cainteoirí dúchais fós ann. 

Is fíor chomh maith go raibh sé de nós ag cainteoirí dúchais i nGlinntí Aontroma Gaeilge Thír Chonaill a mheascadh lena gcuid Gaeilge féin ina dhiaidh dóibh sin a fhoghlaim i ranganna de chuid Chonradh na Gaeilge.

Tá cur síos iomlán ar na nótaí seo, seachas trascríobh foghraíochta le fáil ....  


Dunbar, Ciarán, "Guthanna Reachrainn, guthanna Uladh", An tUltach 82:2 (2/2005) 14-16

agus sa Bhéarla (agus leasaithe rud beag)  ...

Dunbar, Ciarán, "Some Phrases of Rathlin Irish", The Glynns 35 (2007) 65 - 74.

(Nóta - níl aon fhuaim-rian ar fáil d'uimhir 1. nó 25)

1. [tá] brón orm anois
[tá] brón orm anois

An bhfuil a fhios agat cad é tá mé ag rá?

An rabh a fhios agatsa?

4. Bhá bachaill[3] eileag[4] anseo
Bhí buachaill eile anseo

5. Bhá ceann ruadh[5], ceann ruadh … dearg ar m’athair
Bhí ceann rua, ceann rua …. dearg ar m’athair

Bhí mé ar mire

7. Bhá sean-saighdiúir ansin
      Bhí sean-saighdiúir ansin

8. ‘Bhfeil[7] mé deas?[8][9]
      An bhfuil mé críochnaithe?

      An bhfuil fhios agat air Danny Diffin?

      An raibh go leor Gaeilge agam?

      ‘chan fheil’ sin an fhocal a bhí ag na daoine in Reachlainn

      Níl fhios agam rud ar bith fán ait sin

      Níl a fhios agam fán ainm atá ar loch

      Níl cuimhin …Níl mórán Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge agam     anois.

    Ní cuimhin liom … nl cuimhin liom

      Cloigeann

     Níl a fhios agam anois

     Cnoc an Tairbh

      Rugadh mé ansin ins an teach, bhí … an t-ainm a bhí air     Lartach Aoibhinn

      I mo chónaí ansin

     Sin an ait a bhí mise

     Rachadh mé ansiúd is anseo

     Teacht arís

     Tá a fhios aigesean cá huair a gheobhaidh mé bás

na páistí

na mic

na rudaí

cosa

míosa

25. ‘bhfeil blas na Béarla air
An bhfuil blas na mBéarla air



[1] This ‘g’ is always aspirated in Rathlin. i.e agham (pron. a’m) aghad (pron. a’d)
[2] See footnote 1.
[3] This word appears to be a confusion of the Scottish Gaelic word word ‘bachlach’and the Standard Irish ‘buachaill’. Holmer records Bachlach as the Rathlin form (HOLMER, N.M., The Irish language in Rathlin Island, Co. Antrim, (Royal Irish Academy [Hodges Figgis], Dublin 1942) whilst Wagner records ‘bachaill’. (WAGNER, H., Ó BAOILL C., Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV, (Royal Irish Academy Dublin 1969) p16)
[4] This form was also recorded by Holmer ibid p190.
[5] ‘dh’ at the end of a word normally pronounced like a ‘g’ in Late Rathlin Irish.
[6] ‘bhá’ is always the word used in Rathlin where standard Irish has ‘bhí’. ‘bhá’ also occurred in Irish of the Glens along side ‘bhí’. ‘bhá’ is considered Scottish Gaelic.
[7] Where standard Irish has ‘bhfuil’, East Ulster (including Rathlin), Scottish Gaelic and Manx have ‘Bhfeil’.
[8] Literal meaning is ‘am I nice?’
[9] A distinguishing feature of East Ulster Irish (including Rathlin), North Donegal Dialects Scottish Gaelic and Manx is the pronunciation of ‘ea’ as ‘e’ (i.e. d´es) whereas in most of Ireland it is pronounced as an ‘a’ sound (i.e. d´as)
[10] ‘timpeall air’ (about that) is a Rathlin Idiom which can also be found in Islay Gaelic – see footnote 26.
[11] This pronunciation of the word ‘ainm’ as ‘arm/airm’ was also to be found in Farney Irish. Ó SEARCAIGH, S., Foghraidheacht Ghaedhilg an Tuaiscirt (Brún agus Ó Nualláin, Baile Átha Claith 1925) pp.182-183
[12] Rathlin place-name.
[13] See Place-Names of Northern Ireland, Co Antrim II, (The Institute of Irish Studies, QUB) p299.
[14] This is an example of metathesis, the standard Irish word being Latrach normally meaning a piece of rough scrubby ground. See footnote 5.
[15] pronounced as ‘rachag’ in late Rathlin Irish.
[16] the plural constructed in Rathlin Irish by simply adding ‘an’ or ‘ean’. For example, taigh (house) taigheán (houses)

1 comment: