Seanchas Ghlinntí Aontroma
Seosamh
Watson a chuir in eagar
Réamhrá
le Seosamh Watson
I Mí na Márta 1978 thug an tOllamh Seamas Ó
Duilearga, grásta air, iasacht roinnt páipéir dom ina raibh an
t-ábhar béaloidis agus Gaeilge a chruinnigh sé féin agus Eamonn Ó
Tuathail i nGlinntí Aontroma idir 1920 agus 1929. Tá gach a bhfuil
i nGaeilge ann curtha in eagar agam ó shin in Zeitschrift fur
Celtische Philologie 40 (1984) agus nótaí scríofá faoin chanúint
agam in iml. 44 (1987).
Mheas mé gur mór an trua gan an t-ábhar a
bheith ar fáil go réidh ag cáinteoirí Gaeilge i gcoitinne agus,
ar an tséala sin, dóibh siúd atá sé cóirithe agam anseo. Le bás
an scoláire mhóir tháinig a chuid páipéirí i seilbh Roinn
Bhéaloidis Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,
agus tá mé fíorbhuíoch de cheann na roinne sin ar son ligint dom
an obair seo a dhéanamh agus a fhoilsiú.
Nóta
Eagarthóireachta don chéad eagráin
Litriú traidisiúnta na Gaeilge a chleacht an
Duileargach sna scríbhinní seo, le cuidiú ó nósanna litrithe
Ghaeilge na hAlban agus an Bhéarla chomh maith le coinbhinsiún eile
a léiríonn tréithe éagsúla den chanúint. Ar mhaithe le
soléitheacht tá na téacsanna athscríofa agam de réir nósanna
litrithe an lae inniu ach amháin gur lig mé do dheilbhíocht agus
chomhréir an ábhair. Níor leasaigh mé Gaeilge ar bith a bhí
truaillithe, mar shampla, agus rinne mé iarracht foirmeacha
canúnacha d’fhocail a fhágáil ann chomh fada agus nach
mbainfeadh sin de thuiscint an léitheora. I gcás ar bith a bhfuil a
leithéid i gceist tá cuidiú le fail ón FHOCLÓIR.
Foilsíodh
na scéalta den chéad uair ar An tUltach, i Mí Eanáir agus i
nDeireadh Fómhair 1989.
Réamhrá don dara heagrán :
Tá
an leagan leasaithe do pháistí bunscoile agus nótaí sa bhreis
déanta ag Ciarán Dunbar.
Modh
Eagarthóireachta an dara leagan.
Tá na scéalta athscríofa sa litriú nua nuair
is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú
clasaiceach nuair is riachtanach sin de réir fhuaimeanna Ghaeilge
Aontroma de réir mar a mínítear sa leabhar The Irish Dialect
spoken in the Glens of Antrim (Holmer, 1940).
Cuireadh le nótaí gairide sa bhreis leis na
scéalta ar fhoclóireacht an téacs agus ar na focail nach bhfuil le
fáil i bhFoclóir Gaeilge - Béarla (Ó Dónaill, 1977).
SCÉALTA
LAOCHTA
1.
Gaiscígh an Bhá Dheirg
Is iomad uair a chuala mé na seandaoiní ag
ársadh scéaltaí ag an tine ins an gheimhreadh ach chan fhuil mo
chuimhne chomh maith anois.
Ársochaidh mé scéal duit bhon t-am a
chuaigh na hÉireannaigh chun an chogaidh ar Shlua na Muc go hAlbain
agus tá mé siúráilte nach fhuil a haon eilig in Éirinn a
dtiocfadh leo an scéal sin a ársadh.
Bhí
naoi gaiscígh inan cónaí ag Caisleán an Bhá Dheirg.
Bhí siad ag
tul gach uile gheimhreadh ag seilg go Sliabh Luachair.
Nuair a bhí
siad ar shiúl tháinig leathduine as Albain chun Caisleán an Bhá
Dheirg.
D'fhiosraigh sé do bhean an toighe cá raibh na fir. D'árs’
sí dó raibh siad ag seilg ar shiúl in Sliabh Luachair.
Dúirt sé
léithi mur’ mbeadh siad ag an chúirt eisean in Albain roimhe leis
an am seo amárach go gcuirfeadh sé Slua na Muc orsa.
Nuair
a tháinig siad na bhaile d'árs’ sí dófa goidé dúirt sé.
Chuir an tOrscrach an ordóg ina bhéal agus chan árs’ an ordóg a
bheag dó. Bhí sé ag tul tiompailt na cúirte fad na hoíche ag
fáisceadh a chuid lámha.
Cha dtiocfadh leis an ordóg a bheag a
ársadh dó. Thug sé na Gaiscígh leis ar maidin uile treasna barr
na creige. Chonai’ siad dódhéag fir ag teacht ag casaint orsa.
Nuair a tháinig siad chuca d'fhiosraigh an tOrscrach díofa cá as
dófa ná goidé bhí siad a dhéanamh ansin. Dúirt haon aca leis go
raibh siad ag amharc bho mháistir.
D'fhiosraigh sé díofa goidé
thiocfadh leo a dhéanamh. Dúirt an chéad haon aca nuair a chogain
sé a ordóg gur árs’ an ordóg rud ar bith dhó. Dúirt haon eile
aca leis go raibh seisean ina dhreapaire, go dtiocfadh leis dhul suas
áit ar bith. Dúirt haon eile aca leis go raibh seisean ina
shéachandair, go dtiocfadh leis báta a dhéanamh ina gcúig
bhiomaide. Dúirt haon eile aca go raibh seisean ina ghadaí agus go
dtiocfadh leis rud ar bith a ghoid.
Thug sé iad uile leis. Chuaigh siad síos chun
Coiscéim an Choiligh agus an chéad haon a dúirt go dtiocfadh leis
rud ar bith a ársadh, d'fhiosraigh an tOrscrach de có bhí ar barr
na creige inné.
Chogain an seirbhíseach an ordóg agus dúirt sé
leis gur leathduine as Albain a bhí ann ar b[h]arr na creige inne.
Chuaigh an séachantóir a thógáil báta agus bhí an báta réidh
aige ina gcúig bhiomaide agus chuaigh siad uile ar bord agus bhí
siad ina deich bhiomaide aige cúirt an leathduine in Albain.
Nuair a chonai’ an leathduine iad ag teacht
dúirt sé leis féin go raibh sé cártaithe.
'Caithfidh
mé rud inteacht a dhéanamh dófa.'
Dúirt
sé leis an tOrscrach go raibh péiste ins a’ chreig mhóir agus go
raibh coileáin aici agus an dtiocfadh leo haon de na coileána a
ghoid ’á rachadh siad chun cogaidh dhéanfadh an coileán sochar
mhór dófa.
Dúirt an ghadaí go ghoidfeadh seisean an coileán.
Dúirt an dreapaire go dtabharfadh seisean an gadaí suas chun an
nead. Dúirt an leathduine leofa dá mhoscaladh siad í go strócfadh
sí iad uile.
Thug
an dreapaire an gadaí suas an chreig chun nead na péiste agus ghoid
an gadaí an coileán agus tháinig siad le chéile anuas aríst go
socair.
Nuair a chonai’ na hAlbanaigh go raibh siad cártaithe leis
na hÉireannaigh chuir siad faobhar bhon cogadh ar na hÉireannaigh
agus chuaigh na hÉireannaigh go hAlbain a throid agus thiontaigh na
hAlbanaigh iad féin chun muca agus throid siad mar sin agus mharbh
siad iad uile ach an coileán, Spor Nimhe Brain - sin an [t]-ainm a
bhí ar an choileán.
Tháinig
Spor Nimhe Brain na bhaile chun Oisín. Cha raibh Oisín ag an
chogadh agus bhí Oisín lá amháin ag siúl ar thráigh an Bhá
Dheirg agus tháinig Pádraig chun a dhéin agus bhí Pádraig ag
caint bhó Glas Dé.
Cha raibh fhios aige Oisín goidé an seort áite
sin. Dúirt Pádraig leis go raibh a chomrádaí uile go léir in
hIfreann agus thug Pádraig Oisín leis go hIfreann agus thaispeáin
sé dó iad uile ag troid ansin. Dúirt Oisín nuair a chonai’ sé
iad.
‘Chan fhearr bhuafa na chuca. ’Á mhairfeadh
Garaidh agus Goll, Diarmaid na Lon agus an tOrscrach bhaineann siad
an lá go sea’.
‘Cha bhaineann,’ arsa Pádraig. 'Beidh siad
mar sin go brách’.
Nuair
a chualaidh Oisín sin chuir sé a dhá láimh tiompailt ar mhuineál
Phádraig agus dúirt sé leis go ndéanfadh sé rud ar bith a
dh'iarrfadh sé air. Thug Pádraig Oisín chun an abhainn nó go
mbaistfeadh sé é agus nuair a bhí sé ins an abhainn agus é ’gá
bhaisteadh chuaigh tairne a chrostáin fríd cos Oisín agus dúirt
Pádraig leis nuair a chonai’ sé an fuil ar an uisce.
‘Goide
tá cearr?’
Dúirt Oisín go raibh an crostán fríd a chos.
‘O,’ arsa Pádraig, ‘cad as
nár
árs’ tú domh?’ ‘Shíl mé,’ arsa Oisín, ‘gur den
bhaisteadh é.’
Barnaí
Bhriain Mac Amhlaigh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh, Lúnasa 1925.
FOCLÓIR
iomad : iomaí
chan fhuil : níl
Ársochaidh mé : inseoidh mé
bhon : ón, bho : ó
nach fhuil : nach bhfuil
eilig : eile
ársadh : inse
inan cónaí : ina gcónaí
tul : dul
toighe : tí
'árs’ sí (
léithi : léi
mur : muna
cúirt eisean : cúirt s’aige
roimhe leis : roimh
orsa : orthu
dófa : dóibh
goidé : cad é
an tOrscrach : Oscar
a bheag : dada, rud ar bith
tiompailt : timpeall
fáisceadh : fáscadh
treasna : trasna
chonai’ : chonaic
casaint : casadh
chuca : chuca
haon : duine amháin
aca : acu
bho : ó = 'faoi'; ag amharc bhó 'ag lorg', ag
caint bhó: 'ag caint faoi’.
díofa : díobh
dhó : dó
séachandair (séachantóir) : cearpantóir (saor
adhmaid sa chás seo)
báta : bád
biomaide : nóiméad
cártaithe : sáraithe
inteacht : (rud) éigin
an : dá, i.e. an rachadh = dá rachadh
mhoscaladh, dá [ls. a] mhoscaladh : dá
mhúsclódh
chuir siad faobhar ón cogadh : d’fhogair siad
cogadh
Glas Dé : Na Flaithis
áite : áit
mhairfeadh : mharódh
cha bhaineann : ní bhainfidh
gá baisteadh : a bhaisteadh
crostán : trostán
fríd : trí
cad as : cad chuige
Coiscéim an Choiligh : 'the Red Arch' de chóir
Bhun an Dalla
2.
Colla Dubh Mac Dhónaill
Bhí duine i bhfad ó shin anseo - an [t-]ainm a
bhí air [ná] Colla Dubh Mac Dhonaill. Bhí sé ina chónaí i
mBaile an Loig. Bhí sé éagsamhail láidir agus chuaigh sé go
Baile Átha Cliath a dh'amharc a dhearthair agus chuaigh sé ag siúl
treasna an tsliabh.
Nuair a chuaigh sé fad le Chontae an Dúin
chuaigh sé isteach chun toighe a dh'iarraidh lóistín. Cha raibh
aon duine istigh ach seanbhean agus a níon.
Dúirt sí nach dtiocfadh léithi lóistín a thabhairt dó, nach
raibh fear istigh ar chór ar bith ach í fhéin agus a níon. Dúirt
sé nach rachadh sé amach anocht. Luigh sé síos ins a’
chearnaidh.
Dúirt sé go bhfuireochadh sé ansin gan taince díthe
agus i mboilsceann na hoíche tháinig naoi fir chun an dorais agus
scairt siad díthe an doras a f[h]oscail nó, ar ndóigh, go
mbrisfeadh siad é.
Dúirt Mac Dhonaill díthe an doras a fhoscail.
'Féadfaidh mé sin!' arsa sise, 'For thusa haon de na robairí.'
D'fhoscail
sí an doras agus tháinig naoi fir isteach agus dúirt siad léithi,
'tabhair suas do [chuid] airgead nó caithfidh sinn thú!'
Léim Mac Dhónaill as an chearnaidh agus dhruid
sé an doras agus cheangail sé an naoi ar an urlár agus chuir sé
an cailín óg ar maidin a dh'amharc bho chuideachta agus tháinig
daoine léithi as an bhaile agus nuair a tháinig siad chun an toighe
bhí naoi de na saighdiúirí ceangailte ar an urlár agus thug siad
leofa iad.
Barnaí
Bhriain Mac Amhlaigh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh. 1920, 1925.
FOCLÓIR
éagsamhail : éagsúil = thar a bheith,
éagsamhail láidir : thar a bheith láidir
dh'amharc a dhearthair : lena dheartháir a
fheiceáil
cearnaidh : cearn (i. coirnéal)
go bhfuireochadh sé : go bhfuireodh sé (i. go
bhfánfadh sé).
taince : buíochas (i. cead)
díthe : dí
boilsceann : lár
Féadfaidh mé sin : caithfidh mé sin [a
dhéanamh]
leofa : leo
SCÉALTA
SÍ
1. Cailín a bhí lán pisreach
Bhí
cailín óg ina cónaí i dTamhlacht agus bhí sí lán pisreach agus
chuaigh sí oíche amháin chun an áithe agus bhí clew snáithe
léithi agus pill sí ceann an snáithe síos ins an áithe aoil agus
roll sí suas é agus nuair a bhí sí gá rolladh suas bhí greim
aige rud inteach air.
Scairt sí , 'Có sin tá ar ceann mo shnáithe?'
Scairt an duine a
bhí ins an áithe, 'Tá Matt marbh i Machaire Fíolta.'
Tháini’
sí isteach sa toigh ag greadadh a boise agus dúirt sí leofa
istigh go raibh Matt marbh i Machaire Fíolta agus bhí siad uile ins
a’ toigh ag greadadh a mboise agus chuaigh siad uile ar siúl an
oíche sin chun an faire in Machaire Fíolta. Agus nuair a chuaigh
siad ansin bhí sé go maith. Cha raibh sé marbh ar chór ar bith.
Barnaí
Bhriain MacAmhlaidh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh. 1926
FOCLÓIR
Lán pisreach : lán piseoga
clew : ceirtlín
pill : sníomh (i. ‘spin’)
áithe : áith
gá rolladh : á rolladh
có : cé
greadadh a boise : ag buaileadh a láimhe le
chéile, ‘wringing their hands’
2. An Gearrán Dubh
Nuair
a bhí mise óg bha mise ag buachailleacht na ba agus bha gearrán
dubh ina measc. Chuaigh seisean ar siúl bhuaim ag léimnigh síos an
bóthar is chuaigh mise ina dhiaidh.
Agus nuair a bha mise ar siúl
chuaigh na ba, chuaigh siad san arbhar agus tháini’ fear aníos an
bóthar agus fhuair seisean greim ar an ngearrán agus nuair a bha é
ar a dhroim chuaigh an gearrán a léimnigh agus thilg sé an fear ar
an b[h]óthar.
Rith an gearrán ar shiúl aríst agus cha d'fhuair
duine ar bith greim air aríst.
Agus chuaigh mise in d[h]iaidh na ba
agus chuir mi iad isteach sa bhóitheach.
Máire
Mhór Nic Cormaic, Bun an Duinne, 1920.
FOCLÓIR
bha : bhí, bha é : bhí sé
bhuaim : uaim
léimnigh : léim
ar siúl : ar shiúl
thilg sé : theilg sé (i. chaith sé)
cha d'fhuair : ní bhfuair
aríst : arís
mi : mé
C.
SCÉALTA CRÁIFEACHA
1. Bannaí an Táilliúra
Insidh
mi scéal dhuit a chuala mi bhon tseanmhuintir tiompailte ar rud a
thachair aon uair amháin. Thachair sé in áite a bheir siad Cloch
Corr air.
Bhí coineascar amháin agus bhí sé éagsamhail ceoch :
chan fheiceas tú do fhaid féin roimhe leat.
Agus díreach an t-am
is measa a bhí [ann], shiúil duine beag isteach chun an toighe agus
ghuigh sé orra foscadh an oíche dó, go raibh sé éagsamhail
corthaí agus fliuch.
'Agus
bheir[f]idh mé Dia daoibh ar son mo bhannaí nach gcuirfidh mi mo
lámh ar rud ar bith go n-éirí mi ins a' mhaidin.'
Arsa Dónall, 'Chan iarraim bannaí nas fhearr
agus caithfidh mé ligint dhuit fuireacht anocht.'
Luigh
sé síos agus goidé a thachair i [m]boilsceann [na h]oíche nó am
éigin ins an oíche d'eirigh sé agus bhí gréasaí maith d’éadach
aige Dónall istigh - bhí sé in d[h]iaidh é fháil ón fhíodóir
agus thug sé an gréasaí agus amach leis chun an móineach leis.
Bhí an ceo ann i gcónaí agus cha dtiocfadh leis [a] fheiceáil cá
raibh sé ag tul. Agus goidé a rinn sé : díreach ar maidin nuair a
d'fhoscail siad an doras, shiúil sé isteach agus an gréasaí leis
ar a ghualainn.
'Ha!' arsa Donall,
'bhí fhios agam go raibh bannaí maithe agamsa. Ag[us] sin mo
ghréasaí ar ais aríst.'
Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna. 1920
FOCLÓIR
insidh mi : inseoidh mé
tiompailte : timpeall, tompailte ar : fá dtaobh
de, faoi
tachair : tárla
beir, bheir siad : tug, tugann siad
coineascar : tráthnóna
chan fheiceas tú : ní fheicfeá
roimhe leat : romhat
ghuigh sé orra : d’iarr sé orthu
orra : orthu
corthaí : tuirseach
bheirfidh mé : tabharfaidh mé
nas fhearr : níos fearr
ligint : ligean
fuireacht : fuireach (i. fanacht)
boilsceann : 'lar'
gréasaí : gréasán
móineach : móinteach
rinn : rinne
2. 'In ainm Dé'
Chuala siad go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go mbeadh dream aca ann agus go mairbheadh siad inne uilig.
Lá
amháin chonaic siad duine ag teacht ag marcaíocht agus bhí duine
den triúr ina sheasamh ar an bhóthar. Bhí eagla air gurb é an
duine a bhí siad ag amharc amach ar a
shon. Bhí crann tabhaill aige agus cloch mhaith aige ann.
'In ainm Dé', arsa
seisean, 'tilgim an chloch.'
Thilg
sé an chloch agus bhuail sé e ins a’ cheann agus mharbh sé é.
Nuair a chuaigh siad fána dhéin d'amharc siad ina phóca agus fuair
siad páipéar ansiúd a thaispeáin dófa gur[b] é an duine a bhí
siad ag amharc amach ar a shon.
Séamas Mac
Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920
FOCLÓIR
eagal : eagla
mairbheadh : maródh
inne : sinne
tilgim : teilgim; thilg sé : theilg sé (i.
chaith sé)
3.
An Mac Drabhlásach
Bhí
an dís mac ag an duine áirid. Dúirt an t-aon ab óige aca le a
athair, 'Athair, athair! Tabhair domhsa mo chuid!'
Agus
roinn seisean orsa a mhaoin. Chuaigh sé ar shiúl agus bhí sé i
bhfad ar shiúl agus shíl [an t-athair] nach bhfeicfeadh sé é go
brách.
Tháini’
sé arís agus é go bocht. Cha raibh a bheag éadach air nach raibh
stróichte. Dúirt sé le a athair, an ligfeadh sé é isteach agus
déanamh leis as haon do a lucht tuarastail.
'Teibh
amach agus tabhair[ibh] isteach an laogh biata - seo mo mhac a bhí
caillte agus a tháinig fo réir - marbhaibh é! Ithibh! Ólaibh!
Bíbh [go] súgach!'
Séamas
Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna. 1925
FOCLÓIR
áirid
: áirithe
a
bheag : dada, a bheag éadach air : éadach ar bith air
as
haon : mar dhuine
lucht
tuarastail : seirbhísigh
tabhair[ibh]
: tugaigí
laogh
: lao
biata
: beathaithe, ramhraithe
fo
réir : ar ais
marbhaibh : maraígí
ithibh : ithigí
Ólaibh : ólaigí
Bíbh : bígí
D. SCÉALTA ÁITIÚLA
-
An Bhean Fhalsa
Ins
a' tseanaimsir nuair a bhí cláiríneach ann b’éigean do na
comharsanaigh é a thabhairt ó thoigh go toigh. Ach goidé a shileas
tú a thachair lá amháin.
B'éigean dófa [a] dhol thairis páirc
agus bhí eallach ann agus thoisigh an tarbh a bhúirinigh agus ag
teacht chun an déin.
Ghlac na balaigh eagla agus lig siad an barra
síos agus d'fhag siad an cláiríneach ins a’ pháirc. Có bhí ar
tús ag an claí? Có ach an cláiríneach?
Cha raibh inti ach bean
mhór falsa.
Séamas Mac
Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920-1.
FOCLÓIR
toigh : teach
dol
: dul
thairis
: thar
búirinigh
: búireadh
chun
an déin : ina dtreo, ionsorthu
balaigh
: buachaillí; balach : buachaill
-
An mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn
Mharbh
siad an faolchú fá dheireadh a bhí in Éirinn in garraí m'athar,
in áite a bheir siad Coill Uisneach air. Ársochaidh mé an dóigh
daoibh a fuair siad é amach. Bhí scrios 'gá dhéanamh ar na
caoirigh agus [ar] na huain agus cha dtiocfadh leofa a fháil amach
goidé bhí 'gá dhéanamh.
Chuaigh buachaill de na comharsanaigh
amach maidin amháin go moch agus bhí dhá mhadaidh leis.
Thoisigh
sé siar Sliabh Bearracháin ach chuaigh sé síos go Lag na Loch -
sin áite idir cúl Chnoc Ramhar agus Lag na Loch - agus chonaic sé
an beathach ag folach ins an fhraoch agus cíob fada a bhí ann. Sin
an áite a bhí an fuaimheas aige.
Thill sé chun an bhaile agus deir sé do na
comharsanaigh go bhfaca sé an faolchú. Chuaigh siad uilig go léir
amach agus a chuile madra maith a bhí aca. Thug sé iad chun an áite
a chonaic sé an beathach ag folach.
Nuair a chuaigh siad chóir an
áite d'éirigh sé. Thaispeáin an fear an áite dhóibh. Chonaic an
mhuintir eile agus chonaic na madaidh a bhí leofa é. Chuir siad na
madaidh air. Rith sé píosa maith amach chun an tsléibhe ach
chonaic sé nach dtiocfadh leis na madaidh a fhágáil. Thiontaigh sé
agus rinn sé ar son barr [na creige].
Chuaigh
sé go dtí barr na creige a bheir siad Binn Bhán air ach cha
dtiocfadh leis [a] fháil síos ansin. Ansin, rith sé go dtí áite
a bheir siad Coire air ach cha dtiocfadh leis fháil amach ón
tsléibh. Bha na madaidh ins an taobh amach dhe ansin anuas go dtí
Mala na bhFóidí, áite a bhí sé cothrom.
Thill siad é agus chuir
siad trasna Alt an Deiscirt é agus ansin go dtí Coill Uisneach. Bhí
dhá gharraí ann agus bhí neart crainn móra ann.
Léim sé thairis
an bhalla agus na madaidh ag a sháil. Bhí sé dall leis an fallas
agus chan fhaca sé cá áite an raibh sé ag dul agus bhuail sé a
cheann ar chrann mór agus thuit sé agus ansin rinn na madaidh air
agus stróic siad ón [a] mhullach go dtí a sháil. Chuala mise gurb
é sin an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn.
Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920
FOCLÓIR
folach : folú
cíob : cíb, ‘course mountain grass’
fuaimheas : brocais
thill sé : d’fhill sé
thill siad é : thiontaigh siad é
fallás : allas
thuit sé : thit sé
fo dheireadh : faoi dheireadh (i. deireanach)
I love this blog about Antrim Irish. It's a great resource!
ReplyDeleteMise freisin! :D
ReplyDelete