Scéal Béaloidis as Oileán Reachlann, ba é Domhnall Mac Mhuircheartaigh an cainteoir.
[Note : The mp3 host, 'Yudu' seems to be having problems today (17th July, 2012) - try again later if it doesn't work]
Is féidir éisteacht leis anseo / You can listen to it here.
Bhá trí daoine ann reamha seo, an ainm a bhá ortha: Gígeam
agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam.
Arsa Gígeam le Geoigeam,
"Eirg na mhuileann." (Arsa Geoigeam, "Eírigh thu
fhéin.").
Arsa Bol Bocht go Lógam, "Théid sinn uile go léir."
Thug ead an tíoradh na bháile. Arsa Gígeam le Geoigeam,
"Eírigh, agus déan bannach."
Eirigh thu fhéin." Arsa Bol Bocht go Leoigeam, “Théid sinn
uile go léir."
Dh'írigh an trí, agus rinn ead an bannach. Air a bhá e réidh ar son a thionntachadh, arsa Gígeam, "Eírigh, agus tionntaigh an
bannach."
Arsa Geoigeam, " Eirigh thu fhéin." Arsa Bol Bocht a
Leogam, "Théid sinn uile go
léir."
Dh'írigh an trí, agus thionntaigh ead e.
Thainigh an madadh ruadh isteach, agus thug e scrog as an bhannach.
Thar shiubhál leis an mhadadh ruadh agus an bannach na dhéidh. 'Mach le Gígeam
agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam as déidh an bhannach.
Thainigh an bannach go dtí triúr bhuaint na mónadh. "Cáit an
dtainigh thu as, a bhánnaigh bhocht?"
“Thainigh me o Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam, agus bídh me bhuabh-se ma dh’fhaodas me.”
Thilg ead síos na falta mónadh, (agus) as déidh an bhannach.
Thainigh an bannach go ceathrar ag réidheadh (?) na gcoille(adh).
"Cáit an dtainigh thu, a bhannaigh bhocht?"
"Dh'fhág me an choillidh ud thall. Thainigh me as Gígeam agus
Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam, agus an triúr bhuaint na mónadh, agus bídh
me bhuabh-se ma dh’fhaodas me.”
|
Glic : An Madadh Ruadh |
Thilg ead síos na tuaghan, agus as déidh an bhannach. Thainigh
an bannach go dtí abhainn, agus cha b'urra leis an bhannach dol
trasna an abhainn. Thachair e air an mhadadh ruadh.
"Cáit an dtainigh thu, a bhannaigh bhocht?"
"Thainigh me o Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a
Leoigeam, agus an triúr bhuaint na monadh, agus an ceathrar ag réidheadh (?) na
coille(adh), agus bídh me bhuait-se ma dh'fhaodas me."
"Goidé mar a tá thu dol thar an abhainn?"
Chuaidh e isteach an abhainn, agus dúirt e leis an bhannach teacht air a iorball.
"Bhfeil thu fliuch anois? "
" Tá, tá, tá."
"Tig air mo rumpa. Bhfeil thu fliuch anois?"
"Tá, tá, tá."
"Tig air mo dhruim. Bhfeil thu fliuch anois ?"
" Tá, tá."
"Tig air mo cheann. Bhfeil thu fliuch anois?"
"Tá, tá."
"Tig air barr mo shróin. Bhfeil thu fliuch anois ?"
"Ta, ta."
"Tig air mo liobar ard. Bhfeil thu fliuch anois ? "
Whagh! Agus s(h)luig an madadh an bannach.
Nótaí :
* Is féidir leagan caighdeánta den scéal seo a
léamh in Williams, N.J.A, Cniogaide cnagaide : rainn traidisiúnta do pháistí
(Baile Átha Cliath : An Clóchomhar, 1988), l. 180-183
* Fuair Williams é in Holmer (Nils M.): The
Irish language in Rathlin Island, Co. Antrim.Dublin: R.I.A., 1942. vi + 247 pp.
(= Todd lecture series, vol. 18)
* Seo nótaí Chiaráin Uí Dhuibhín ar Dhomhnall
Mac Mhuireachtaigh...
"Daniel (or Dónal) McCURDY (Domhnall John Ruaidh), Claggan and Gortconny
Brother of Maggie McCurdy above.
Born c1882.
1901-19: An Chloigeann 4. (S)
1911-29: An Chloigeann 1 (G) (S)
His parents and siblings as for Maggie McCurdy above.
Unmarried.
Tagairtí:
HR page 4, cainteoir 15b - Ballycastle (1937)
CÓB - beo i 1961
LASID I p. xiv. Aged between 50 and 60 in 1952. Farmer. Could converse
freely in Irish.
IBE viii, 23
CBÉ ms 657 lgh 375–388 (Gortconny, formerly Kinramer)
Pioctúir: Rugged 74"
Féach : http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/cainnteoir/aontruim.txt