Dé Luain, Meitheamh 11, 2012

Béaloideas na nGlinntí agus an mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn


[Tá mé fíorbhuíoch do Phobal an Chaistil as cead a thabhairt domh an t-ábhar seo a fhoilsiú. Is leo an chóipcheart i gcónaí]

Seo leabhrán de bhéaloideas Ghlinntí Aontroma, i nGaeilge na nGlinntí, foilisithe ag Pobal an Chaistil.

Ba é Séamus Ó Duillearga a bhailigh an t-ábhar.

Foilsíodh é den chéad uair in ...

Watson, Seosamh: "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks - I: Texts", Zeitschrift für Celtische Philologie 40 (1984) 74-117.
____: "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks - II: Language", Zeitschrift für Celtische Philologie 42 (1987) 138-218.
____: "Séamus Ó Duilearga's Co Antrim Notebooks", Éigse 20 (1984-5) 187-211.
____: "Seanchas Ghlinntí Aontrama - 1", An tUltach 66:1 (1/1989) 9-11.
____: "Béaloideas", An tUltach 66:10 (10/1989) 9-10.

Tá sé curtha in atheagar ag Seosamh Watson, nótaí le Ciarán Dunbar.


An áite a maraíodh an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn
Seo scéal amháin den bhailiúchán nach bhfuil le fáil tríd an nasc thuas : 


1.     An mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn

Mharbh siad an faolchú fá dheireadh a bhí in Éirinn in garraí m'athar, in áite a bheir siad Coill Uisneach air. Ársochaidh[i] mé an dóigh daoibh a fuair siad é amach. Bhí scrios 'gá dhéanamh ar na caoirigh agus [ar] na huain agus cha dtiocfadh leofa a fháil amach goidé bhí 'gá dhéanamh. Chuaigh buachaill de na comharsanaigh amach maidin amháin go moch agus bhí dhá mhadaidh leis. Thoisigh sé siar Sliabh Bearracháin[ii] ach chuaigh sé síos go Lag na Loch - sin áite idir cúl[iii] Chnoc Ramhar[iv] agus Lag na Loch - agus chonaic sé an beathach ag folach ins an fhraoch agus cíob fada a bhí ann. Sin an áite a bhí an fuaimheas aige.
Thill sé chun an bhaile agus deir sé do na comharsanaigh go bhfaca sé an faolchú. Chuaigh siad uilig go léir amach agus a chuile madra maith a bhí aca. Thug sé iad chun an áite a chonaic sé an beathach ag folach. Nuair a chuaigh siad chóir an áite d'éirigh sé. Thaispeáin an fear an áite dhóibh. Chonaic an mhuintir eile agus chonaic na madaidh a bhí leofa é. Chuir siad na madaidh air. Rith sé píosa maith amach chun an tsléibhe ach chonaic sé nach dtiocfadh leis na madaidh a fhágáil. Thiontaigh agus rinn sé ar son barr [na creige[v]].

Chuaigh sé go dtí barr na creige a bheir siad Binn Bhán air ach cha dtiocfadh leis [a] fháil síos ansin. Ansin, rith sé go dtí áite a bheir siad Coire air[vi] ach cha dtiocfadh leis fháil amach ón tsléibh. Bha na madaidh ins an taobh amach dhe ansin anuas go dtí Mala na bhFóidí, áite a bhí sé cothrom. Thill siad é agus chuir siad trasna Alt an Deiscirt é agus ansin go dtí Coill Uisneach. Bhí dhá gharraí ann agus bhí neart crainn móra ann. Léim sé thairis an bhalla agus na madaidh ag a sháil. Bhí sé dall leis an fallas agus chan fhaca sé cá áite an raibh[vii] sé ag dul agus bhuail a cheann ar chrann mór agus thuit agus ansin rinn na madaidh air agus stróic siad ón [a] mhullach go dtí a sháil. Chuala mise gurb é sin an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn.

Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920

FOCLÓIR

folach : folú
cíob : cíb, ‘course mountain grass’
fuaimheas : brocais
thill sé : d’fhill sé
thill siad é : thiontaigh siad é
fallás : allas
thuit sé : thit sé
fo dheireadh : faoi dheireadh (i. deireanach)



[i] Ársaidh
[ii] Bearrchaid
[iii] Cúl
[iv] Cnámhaire
[v] an chreig
[vi] aire
[vii] robh

1 comment:

  1. Agus beidh sgéaltaí go maidinn againne. Go rabh míle maith agat.

    ReplyDelete