Showing posts with label Glens of Antrim Irish. Show all posts
Showing posts with label Glens of Antrim Irish. Show all posts

Dé Luain, Meitheamh 11, 2012

Béaloideas na nGlinntí agus an mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn


[Tá mé fíorbhuíoch do Phobal an Chaistil as cead a thabhairt domh an t-ábhar seo a fhoilsiú. Is leo an chóipcheart i gcónaí]

Seo leabhrán de bhéaloideas Ghlinntí Aontroma, i nGaeilge na nGlinntí, foilisithe ag Pobal an Chaistil.

Ba é Séamus Ó Duillearga a bhailigh an t-ábhar.

Foilsíodh é den chéad uair in ...

Watson, Seosamh: "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks - I: Texts", Zeitschrift für Celtische Philologie 40 (1984) 74-117.
____: "Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks - II: Language", Zeitschrift für Celtische Philologie 42 (1987) 138-218.
____: "Séamus Ó Duilearga's Co Antrim Notebooks", Éigse 20 (1984-5) 187-211.
____: "Seanchas Ghlinntí Aontrama - 1", An tUltach 66:1 (1/1989) 9-11.
____: "Béaloideas", An tUltach 66:10 (10/1989) 9-10.

Tá sé curtha in atheagar ag Seosamh Watson, nótaí le Ciarán Dunbar.


An áite a maraíodh an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn
Seo scéal amháin den bhailiúchán nach bhfuil le fáil tríd an nasc thuas : 


1.     An mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn

Mharbh siad an faolchú fá dheireadh a bhí in Éirinn in garraí m'athar, in áite a bheir siad Coill Uisneach air. Ársochaidh[i] mé an dóigh daoibh a fuair siad é amach. Bhí scrios 'gá dhéanamh ar na caoirigh agus [ar] na huain agus cha dtiocfadh leofa a fháil amach goidé bhí 'gá dhéanamh. Chuaigh buachaill de na comharsanaigh amach maidin amháin go moch agus bhí dhá mhadaidh leis. Thoisigh sé siar Sliabh Bearracháin[ii] ach chuaigh sé síos go Lag na Loch - sin áite idir cúl[iii] Chnoc Ramhar[iv] agus Lag na Loch - agus chonaic sé an beathach ag folach ins an fhraoch agus cíob fada a bhí ann. Sin an áite a bhí an fuaimheas aige.
Thill sé chun an bhaile agus deir sé do na comharsanaigh go bhfaca sé an faolchú. Chuaigh siad uilig go léir amach agus a chuile madra maith a bhí aca. Thug sé iad chun an áite a chonaic sé an beathach ag folach. Nuair a chuaigh siad chóir an áite d'éirigh sé. Thaispeáin an fear an áite dhóibh. Chonaic an mhuintir eile agus chonaic na madaidh a bhí leofa é. Chuir siad na madaidh air. Rith sé píosa maith amach chun an tsléibhe ach chonaic sé nach dtiocfadh leis na madaidh a fhágáil. Thiontaigh sé agus rinn sé ar son barr [na creige[v]].

Chuaigh sé go dtí barr na creige a bheir siad Binn Bhán air ach cha dtiocfadh leis [a] fháil síos ansin. Ansin, rith sé go dtí áite a bheir siad Coire air[vi] ach cha dtiocfadh leis fháil amach ón tsléibh. Bha na madaidh ins an taobh amach dhe ansin anuas go dtí Mala na bhFóidí, áite a bhí sé cothrom. Thill siad é agus chuir siad trasna Alt an Deiscirt é agus ansin go dtí Coill Uisneach. Bhí dhá gharraí ann agus bhí neart crainn móra ann. Léim sé thairis an bhalla agus na madaidh ag a sháil. Bhí sé dall leis an fallas agus chan fhaca sé cá áite an raibh[vii] sé ag dul agus bhuail sé a cheann ar chrann mór agus thuit sé agus ansin rinn na madaidh air agus stróic siad ón [a] mhullach go dtí a sháil. Chuala mise gurb é sin an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn.

Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920

FOCLÓIR

folach : folú
cíob : cíb, ‘course mountain grass’
fuaimheas : brocais
thill sé : d’fhill sé
thill siad é : thiontaigh siad é
fallás : allas
thuit sé : thit sé
fo dheireadh : faoi dheireadh (i. deireanach)



[i] Ársaidh
[ii] Bearrchaid
[iii] Cúl
[iv] Cnámhaire
[v] an chreig
[vi] aire
[vii] robh

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 09, 2009

Basic Phrases of Glens' Irish

Note - phrases specific to the dialect are marked *.

[I hope to put up a pronunciation guide in the future] 

Sé do bheatha

Welcome

Dia libh anseo

God be with those here.

Goidé mar atá tú?

How are you?

Goidé an dóigh atá ort?

How are you?

Goidé an chuma atá ort?

How are you?

Tá mé / sinne go maith

I / We are well

Tá mé (díreach) drotara*

I am (just) alright

’bhfeil Gaelc agat?

Do you have Irish?

Tá

Yes

Chan fheil ach rud beag

I have only a little

Tuigim go maith

I understand well

Tuigeann tú go glé mhaith / go breagha

I understand very well

Goidé an t-ainm atá ort? (ainm is pron. airm!)

What is your name?

Goidé a shaoileas tú don aimsir* seo

What do you think of this weather

Tá an lá seo giobach

This is a rough day

Cá as duit?

Where are you form

Beannacht leatgood bye


Sabháilt** ’un abhaile dhuit (**actually orignally a mistake!)

Safe home to you

Oíche mhaith (pron. mhath)

Good night