Seanchas GhIinntí Aontroma

Seanchas Ghlinntí Aontroma

Seosamh Watson a chuir in eagar

Réamhrá le Seosamh Watson

I Mí na Márta 1978 thug an tOllamh Seamas Ó Duilearga, grásta air, iasacht roinnt páipéir dom ina raibh an t-ábhar béaloidis agus Gaeilge a chruinnigh sé féin agus Eamonn Ó Tuathail i nGlinntí Aontroma idir 1920 agus 1929. Tá gach a bhfuil i nGaeilge ann curtha in eagar agam ó shin in Zeitschrift fur Celtische Philologie 40 (1984) agus nótaí scríofá faoin chanúint agam in iml. 44 (1987).

Mheas mé gur mór an trua gan an t-ábhar a bheith ar fáil go réidh ag cáinteoirí Gaeilge i gcoitinne agus, ar an tséala sin, dóibh siúd atá sé cóirithe agam anseo. Le bás an scoláire mhóir tháinig a chuid páipéirí i seilbh Roinn Bhéaloidis Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá mé fíorbhuíoch de cheann na roinne sin ar son ligint dom an obair seo a dhéanamh agus a fhoilsiú.


Nóta Eagarthóireachta don chéad eagráin

Litriú traidisiúnta na Gaeilge a chleacht an Duileargach sna scríbhinní seo, le cuidiú ó nósanna litrithe Ghaeilge na hAlban agus an Bhéarla chomh maith le coinbhinsiún eile a léiríonn tréithe éagsúla den chanúint. Ar mhaithe le soléitheacht tá na téacsanna athscríofa agam de réir nósanna litrithe an lae inniu ach amháin gur lig mé do dheilbhíocht agus chomhréir an ábhair. Níor leasaigh mé Gaeilge ar bith a bhí truaillithe, mar shampla, agus rinne mé iarracht foirmeacha canúnacha d’fhocail a fhágáil ann chomh fada agus nach mbainfeadh sin de thuiscint an léitheora. I gcás ar bith a bhfuil a leithéid i gceist tá cuidiú le fail ón FHOCLÓIR.

Foilsíodh na scéalta den chéad uair ar An tUltach, i Mí Eanáir agus i nDeireadh Fómhair 1989.

Réamhrá don dara heagrán :

Tá an leagan leasaithe do pháistí bunscoile agus nótaí sa bhreis déanta ag Ciarán Dunbar.

Modh Eagarthóireachta an dara leagan.

Tá na scéalta athscríofa sa litriú nua nuair is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach sin de réir fhuaimeanna Ghaeilge Aontroma de réir mar a mínítear sa leabhar The Irish Dialect spoken in the Glens of Antrim (Holmer, 1940).

Cuireadh le nótaí gairide sa bhreis leis na scéalta ar fhoclóireacht an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil i bhFoclóir Gaeilge - Béarla (Ó Dónaill, 1977).


SCÉALTA LAOCHTA 

1. Gaiscígh an Bhá Dheirg

Is iomad uair a chuala mé na seandaoiní ag ársadh scéaltaí ag an tine ins an gheimhreadh ach chan fhuil mo chuimhne chomh maith anois. 

Ársochaidh mé scéal duit bhon t-am a chuaigh na hÉireannaigh chun an chogaidh ar Shlua na Muc go hAlbain agus tá mé siúráilte nach fhuil a haon eilig in Éirinn a dtiocfadh leo an scéal sin a ársadh.

Bhí naoi gaiscígh inan cónaí ag Caisleán an Bhá Dheirg. 

Bhí siad ag tul gach uile gheimhreadh ag seilg go Sliabh Luachair. 

Nuair a bhí siad ar shiúl tháinig leathduine as Albain chun Caisleán an Bhá Dheirg. 

D'fhiosraigh sé do bhean an toighe cá raibh na fir. D'árs’ sí dó raibh siad ag seilg ar shiúl in Sliabh Luachair. 

Dúirt sé léithi mur’ mbeadh siad ag an chúirt eisean in Albain roimhe leis an am seo amárach go gcuirfeadh sé Slua na Muc orsa.

Nuair a tháinig siad na bhaile d'árs’ sí dófa goidé dúirt sé. Chuir an tOrscrach an ordóg ina bhéal agus chan árs’ an ordóg a bheag dó. Bhí sé ag tul tiompailt na cúirte fad na hoíche ag fáisceadh a chuid lámha. 

Cha dtiocfadh leis an ordóg a bheag a ársadh dó. Thug sé na Gaiscígh leis ar maidin uile treasna barr na creige. Chonai’ siad dódhéag fir ag teacht ag casaint orsa. 

Nuair a tháinig siad chuca d'fhiosraigh an tOrscrach díofa cá as dófa ná goidé bhí siad a dhéanamh ansin. Dúirt haon aca leis go raibh siad ag amharc bho mháistir. 

D'fhiosraigh sé díofa goidé thiocfadh leo a dhéanamh. Dúirt an chéad haon aca nuair a chogain sé a ordóg gur árs’ an ordóg rud ar bith dhó. Dúirt haon eile aca leis go raibh seisean ina dhreapaire, go dtiocfadh leis dhul suas áit ar bith. Dúirt haon eile aca leis go raibh seisean ina shéachandair, go dtiocfadh leis báta a dhéanamh ina gcúig bhiomaide. Dúirt haon eile aca go raibh seisean ina ghadaí agus go dtiocfadh leis rud ar bith a ghoid.

Thug sé iad uile leis. Chuaigh siad síos chun Coiscéim an Choiligh agus an chéad haon a dúirt go dtiocfadh leis rud ar bith a ársadh, d'fhiosraigh an tOrscrach de có bhí ar barr na creige inné. 

Chogain an seirbhíseach an ordóg agus dúirt sé leis gur leathduine as Albain a bhí ann ar b[h]arr na creige inne. Chuaigh an séachantóir a thógáil báta agus bhí an báta réidh aige ina gcúig bhiomaide agus chuaigh siad uile ar bord agus bhí siad ina deich bhiomaide aige cúirt an leathduine in Albain.

Nuair a chonai’ an leathduine iad ag teacht dúirt sé leis féin go raibh sé cártaithe.

'Caithfidh mé rud inteacht a dhéanamh dófa.'

Dúirt sé leis an tOrscrach go raibh péiste ins a’ chreig mhóir agus go raibh coileáin aici agus an dtiocfadh leo haon de na coileána a ghoid ’á rachadh siad chun cogaidh dhéanfadh an coileán sochar mhór dófa. 

Dúirt an ghadaí go ghoidfeadh seisean an coileán. Dúirt an dreapaire go dtabharfadh seisean an gadaí suas chun an nead. Dúirt an leathduine leofa dá mhoscaladh siad í go strócfadh sí iad uile.

Thug an dreapaire an gadaí suas an chreig chun nead na péiste agus ghoid an gadaí an coileán agus tháinig siad le chéile anuas aríst go socair. 

Nuair a chonai’ na hAlbanaigh go raibh siad cártaithe leis na hÉireannaigh chuir siad faobhar bhon cogadh ar na hÉireannaigh agus chuaigh na hÉireannaigh go hAlbain a throid agus thiontaigh na hAlbanaigh iad féin chun muca agus throid siad mar sin agus mharbh siad iad uile ach an coileán, Spor Nimhe Brain - sin an [t]-ainm a bhí ar an choileán.

Tháinig Spor Nimhe Brain na bhaile chun Oisín. Cha raibh Oisín ag an chogadh agus bhí Oisín lá amháin ag siúl ar thráigh an Bhá Dheirg agus tháinig Pádraig chun a dhéin agus bhí Pádraig ag caint bhó Glas Dé. 

Cha raibh fhios aige Oisín goidé an seort áite sin. Dúirt Pádraig leis go raibh a chomrádaí uile go léir in hIfreann agus thug Pádraig Oisín leis go hIfreann agus thaispeáin sé dó iad uile ag troid ansin. Dúirt Oisín nuair a chonai’ sé iad.

Chan fhearr bhuafa na chuca. ’Á mhairfeadh Garaidh agus Goll, Diarmaid na Lon agus an tOrscrach bhaineann siad an lá go sea’.

Cha bhaineann,’ arsa Pádraig. 'Beidh siad mar sin go brách’.

Nuair a chualaidh Oisín sin chuir sé a dhá láimh tiompailt ar mhuineál Phádraig agus dúirt sé leis go ndéanfadh sé rud ar bith a dh'iarrfadh sé air. Thug Pádraig Oisín chun an abhainn nó go mbaistfeadh sé é agus nuair a bhí sé ins an abhainn agus é ’gá bhaisteadh chuaigh tairne a chrostáin fríd cos Oisín agus dúirt Pádraig leis nuair a chonai’ sé an fuil ar an uisce.

Goide tá cearr?’

Dúirt Oisín go raibh an crostán fríd a chos. ‘O,’ arsa Pádraig, ‘cad as nár árs’ tú domh?’ ‘Shíl mé,’ arsa Oisín, ‘gur den bhaisteadh é.’

Barnaí Bhriain Mac Amhlaigh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh, Lúnasa 1925.

FOCLÓIR

iomad : iomaí
chan fhuil : níl
Ársochaidh mé : inseoidh mé
bhon : ón, bho : ó
nach fhuil : nach bhfuil
eilig : eile
ársadh : inse
inan cónaí : ina gcónaí
tul : dul
toighe : tí
'árs’ sí (
léithi : léi
mur : muna
cúirt eisean : cúirt s’aige
roimhe leis : roimh
orsa : orthu
dófa : dóibh
goidé : cad é
an tOrscrach : Oscar
a bheag : dada, rud ar bith
tiompailt : timpeall
fáisceadh : fáscadh
treasna : trasna
chonai’ : chonaic
casaint : casadh
chuca : chuca
haon : duine amháin
aca : acu
bho : ó = 'faoi'; ag amharc bhó 'ag lorg', ag caint bhó: 'ag caint faoi’.
díofa : díobh
dhó : dó
séachandair (séachantóir) : cearpantóir (saor adhmaid sa chás seo)
báta : bád
biomaide : nóiméad
cártaithe : sáraithe
inteacht : (rud) éigin
an : dá, i.e. an rachadh = dá rachadh
mhoscaladh, dá [ls. a] mhoscaladh : dá mhúsclódh
chuir siad faobhar ón cogadh : d’fhogair siad cogadh
Glas Dé : Na Flaithis
áite : áit
mhairfeadh : mharódh
cha bhaineann : ní bhainfidh
gá baisteadh : a bhaisteadh
crostán : trostán
fríd : trí
cad as : cad chuige
Coiscéim an Choiligh : 'the Red Arch' de chóir Bhun an Dalla 
 
2. Colla Dubh Mac Dhónaill

Bhí duine i bhfad ó shin anseo - an [t-]ainm a bhí air [ná] Colla Dubh Mac Dhonaill. Bhí sé ina chónaí i mBaile an Loig. Bhí sé éagsamhail láidir agus chuaigh sé go Baile Átha Cliath a dh'amharc a dhearthair agus chuaigh sé ag siúl treasna an tsliabh. 

Nuair a chuaigh sé fad le Chontae an Dúin chuaigh sé isteach chun toighe a dh'iarraidh lóistín. Cha raibh aon duine istigh ach seanbhean agus a níon. 

Dúirt sí nach dtiocfadh léithi lóistín a thabhairt dó, nach raibh fear istigh ar chór ar bith ach í fhéin agus a níon. Dúirt sé nach rachadh sé amach anocht. Luigh sé síos ins a’ chearnaidh. 

Dúirt sé go bhfuireochadh sé ansin gan taince díthe agus i mboilsceann na hoíche tháinig naoi fir chun an dorais agus scairt siad díthe an doras a f[h]oscail nó, ar ndóigh, go mbrisfeadh siad é.

Dúirt Mac Dhonaill díthe an doras a fhoscail. 'Féadfaidh mé sin!' arsa sise, 'For thusa haon de na robairí.'

D'fhoscail sí an doras agus tháinig naoi fir isteach agus dúirt siad léithi, 'tabhair suas do [chuid] airgead nó caithfidh sinn thú!'

Léim Mac Dhónaill as an chearnaidh agus dhruid sé an doras agus cheangail sé an naoi ar an urlár agus chuir sé an cailín óg ar maidin a dh'amharc bho chuideachta agus tháinig daoine léithi as an bhaile agus nuair a tháinig siad chun an toighe bhí naoi de na saighdiúirí ceangailte ar an urlár agus thug siad leofa iad.

Barnaí Bhriain Mac Amhlaigh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh. 1920, 1925.

FOCLÓIR

éagsamhail : éagsúil = thar a bheith, éagsamhail láidir : thar a bheith láidir
dh'amharc a dhearthair : lena dheartháir a fheiceáil
cearnaidh : cearn (i. coirnéal)
go bhfuireochadh sé : go bhfuireodh sé (i. go bhfánfadh sé).
taince : buíochas (i. cead)
díthe : dí
boilsceann : lár
Féadfaidh mé sin : caithfidh mé sin [a dhéanamh]
leofa : leo


SCÉALTA SÍ

1. Cailín a bhí lán pisreach

Bhí cailín óg ina cónaí i dTamhlacht agus bhí sí lán pisreach agus chuaigh sí oíche amháin chun an áithe agus bhí clew snáithe léithi agus pill sí ceann an snáithe síos ins an áithe aoil agus roll sí suas é agus nuair a bhí sí gá rolladh suas bhí greim aige rud inteach air.

Scairt sí , 'Có sin tá ar ceann mo shnáithe?'
Scairt an duine a bhí ins an áithe, 'Tá Matt marbh i Machaire Fíolta.'

Tháini’ sí isteach sa toigh ag greadadh a boise agus dúirt sí leofa istigh go raibh Matt marbh i Machaire Fíolta agus bhí siad uile ins a’ toigh ag greadadh a mboise agus chuaigh siad uile ar siúl an oíche sin chun an faire in Machaire Fíolta. Agus nuair a chuaigh siad ansin bhí sé go maith. Cha raibh sé marbh ar chór ar bith.


Barnaí Bhriain MacAmhlaidh, Cluain Riabhach, Gleann Aireamh. 1926

FOCLÓIR

Lán pisreach : lán piseoga
clew : ceirtlín
pill : sníomh (i. ‘spin’)
áithe : áith
gá rolladh : á rolladh
có : cé
greadadh a boise : ag buaileadh a láimhe le chéile, ‘wringing their hands’
2. An Gearrán Dubh

Nuair a bhí mise óg bha mise ag buachailleacht na ba agus bha gearrán dubh ina measc. Chuaigh seisean ar siúl bhuaim ag léimnigh síos an bóthar is chuaigh mise ina dhiaidh. 

Agus nuair a bha mise ar siúl chuaigh na ba, chuaigh siad san arbhar agus tháini’ fear aníos an bóthar agus fhuair seisean greim ar an ngearrán agus nuair a bha é ar a dhroim chuaigh an gearrán a léimnigh agus thilg sé an fear ar an b[h]óthar. 

Rith an gearrán ar shiúl aríst agus cha d'fhuair duine ar bith greim air aríst. 

Agus chuaigh mise in d[h]iaidh na ba agus chuir mi iad isteach sa bhóitheach.


Máire Mhór Nic Cormaic, Bun an Duinne, 1920.

FOCLÓIR

bha : bhí, bha é : bhí sé
bhuaim : uaim
léimnigh : léim
ar siúl : ar shiúl
thilg sé : theilg sé (i. chaith sé)
cha d'fhuair : ní bhfuair
aríst : arís
mi : mé

C. SCÉALTA CRÁIFEACHA

1. Bannaí an Táilliúra

Insidh mi scéal dhuit a chuala mi bhon tseanmhuintir tiompailte ar rud a thachair aon uair amháin. Thachair sé in áite a bheir siad Cloch Corr air. 

Bhí coineascar amháin agus bhí sé éagsamhail ceoch : chan fheiceas tú do fhaid féin roimhe leat. 

Agus díreach an t-am is measa a bhí [ann], shiúil duine beag isteach chun an toighe agus ghuigh sé orra foscadh an oíche dó, go raibh sé éagsamhail corthaí agus fliuch.

'Agus bheir[f]idh mé Dia daoibh ar son mo bhannaí nach gcuirfidh mi mo lámh ar rud ar bith go n-éirí mi ins a' mhaidin.'

Arsa Dónall, 'Chan iarraim bannaí nas fhearr agus caithfidh mé ligint dhuit fuireacht anocht.'

Luigh sé síos agus goidé a thachair i [m]boilsceann [na h]oíche nó am éigin ins an oíche d'eirigh sé agus bhí gréasaí maith d’éadach aige Dónall istigh - bhí sé in d[h]iaidh é fháil ón fhíodóir agus thug sé an gréasaí agus amach leis chun an móineach leis. Bhí an ceo ann i gcónaí agus cha dtiocfadh leis [a] fheiceáil cá raibh sé ag tul. Agus goidé a rinn sé : díreach ar maidin nuair a d'fhoscail siad an doras, shiúil sé isteach agus an gréasaí leis ar a ghualainn.

'Ha!' arsa Donall, 'bhí fhios agam go raibh bannaí maithe agamsa. Ag[us] sin mo ghréasaí ar ais aríst.'
Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna. 1920

FOCLÓIR

insidh mi : inseoidh mé
tiompailte : timpeall, tompailte ar : fá dtaobh de, faoi
tachair : tárla
beir, bheir siad : tug, tugann siad
coineascar : tráthnóna
chan fheiceas tú : ní fheicfeá
roimhe leat : romhat
ghuigh sé orra : d’iarr sé orthu
orra : orthu
corthaí : tuirseach
bheirfidh mé : tabharfaidh mé
nas fhearr : níos fearr
ligint : ligean
fuireacht : fuireach (i. fanacht)
boilsceann : 'lar'
gréasaí : gréasán
móineach : móinteach
rinn : rinne
2. 'In ainm Dé'

Chuala mé scéal beag ba ghnáth leis an tseanmhuintir a ársadh. Bhí drochaimsir ann agus bhí siad ag rith gach uile áite le heagal roimh na Sasanaigh. 

Chuala siad go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go mbeadh dream aca ann agus go mairbheadh siad inne uilig.

Lá amháin chonaic siad duine ag teacht ag marcaíocht agus bhí duine den triúr ina sheasamh ar an bhóthar. Bhí eagla air gurb é an duine a bhí siad ag amharc amach ar a shon. Bhí crann tabhaill aige agus cloch mhaith aige ann.

'In ainm Dé', arsa seisean, 'tilgim an chloch.'

Thilg sé an chloch agus bhuail sé e ins a’ cheann agus mharbh sé é. Nuair a chuaigh siad fána dhéin d'amharc siad ina phóca agus fuair siad páipéar ansiúd a thaispeáin dófa gur[b] é an duine a bhí siad ag amharc amach ar a shon.


Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920

FOCLÓIR

eagal : eagla
mairbheadh : maródh
inne : sinne
tilgim : teilgim; thilg sé : theilg sé (i. chaith sé)

3. An Mac Drabhlásach

Bhí an dís mac ag an duine áirid. Dúirt an t-aon ab óige aca le a athair, 'Athair, athair! Tabhair domhsa mo chuid!'

Agus roinn seisean orsa a mhaoin. Chuaigh sé ar shiúl agus bhí sé i bhfad ar shiúl agus shíl [an t-athair] nach bhfeicfeadh sé é go brách.

Tháini’ sé arís agus é go bocht. Cha raibh a bheag éadach air nach raibh stróichte. Dúirt sé le a athair, an ligfeadh sé é isteach agus déanamh leis as haon do a lucht tuarastail.

'Teibh amach agus tabhair[ibh] isteach an laogh biata - seo mo mhac a bhí caillte agus a tháinig fo réir -­ marbhaibh é! Ithibh! Ólaibh! Bíbh [go] súgach!'

Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna. 1925

FOCLÓIR

áirid : áirithe
a bheag : dada, a bheag éadach air : éadach ar bith air
as haon : mar dhuine
lucht tuarastail : seirbhísigh
tabhair[ibh] : tugaigí
laogh : lao
biata : beathaithe, ramhraithe
fo réir : ar ais
marbhaibh : maraígí
ithibh : ithigí
Ólaibh : ólaigí
Bíbh : bígí

D. SCÉALTA ÁITIÚLA



  1. An Bhean Fhalsa

Ins a' tseanaimsir nuair a bhí cláiríneach ann b’éigean do na comharsanaigh é a thabhairt ó thoigh go toigh. Ach goidé a shileas tú a thachair lá amháin. 

B'éigean dófa [a] dhol thairis páirc agus bhí eallach ann agus thoisigh an tarbh a bhúirinigh agus ag teacht chun an déin. 

Ghlac na balaigh eagla agus lig siad an barra síos agus d'fhag siad an cláiríneach ins a’ pháirc. Có bhí ar tús ag an claí? Có ach an cláiríneach? 

Cha raibh inti ach bean mhór falsa.


Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920-1.

FOCLÓIR

toigh : teach
dol : dul
thairis : thar
búirinigh : búireadh
chun an déin : ina dtreo, ionsorthu
balaigh : buachaillí; balach : buachaill

  1. An mac tíre fá dheireadh a bhí in Éirinn

Mharbh siad an faolchú fá dheireadh a bhí in Éirinn in garraí m'athar, in áite a bheir siad Coill Uisneach air. Ársochaidh mé an dóigh daoibh a fuair siad é amach. Bhí scrios 'gá dhéanamh ar na caoirigh agus [ar] na huain agus cha dtiocfadh leofa a fháil amach goidé bhí 'gá dhéanamh. 

Chuaigh buachaill de na comharsanaigh amach maidin amháin go moch agus bhí dhá mhadaidh leis. 

Thoisigh sé siar Sliabh Bearracháin ach chuaigh sé síos go Lag na Loch - sin áite idir cúl Chnoc Ramhar agus Lag na Loch - agus chonaic sé an beathach ag folach ins an fhraoch agus cíob fada a bhí ann. Sin an áite a bhí an fuaimheas aige.
Thill sé chun an bhaile agus deir sé do na comharsanaigh go bhfaca sé an faolchú. Chuaigh siad uilig go léir amach agus a chuile madra maith a bhí aca. Thug sé iad chun an áite a chonaic sé an beathach ag folach. 

Nuair a chuaigh siad chóir an áite d'éirigh sé. Thaispeáin an fear an áite dhóibh. Chonaic an mhuintir eile agus chonaic na madaidh a bhí leofa é. Chuir siad na madaidh air. Rith sé píosa maith amach chun an tsléibhe ach chonaic sé nach dtiocfadh leis na madaidh a fhágáil. Thiontaigh sé agus rinn sé ar son barr [na creige].

Chuaigh sé go dtí barr na creige a bheir siad Binn Bhán air ach cha dtiocfadh leis [a] fháil síos ansin. Ansin, rith sé go dtí áite a bheir siad Coire air ach cha dtiocfadh leis fháil amach ón tsléibh. Bha na madaidh ins an taobh amach dhe ansin anuas go dtí Mala na bhFóidí, áite a bhí sé cothrom. 

Thill siad é agus chuir siad trasna Alt an Deiscirt é agus ansin go dtí Coill Uisneach. Bhí dhá gharraí ann agus bhí neart crainn móra ann. 

Léim sé thairis an bhalla agus na madaidh ag a sháil. Bhí sé dall leis an fallas agus chan fhaca sé cá áite an raibh sé ag dul agus bhuail sé a cheann ar chrann mór agus thuit sé agus ansin rinn na madaidh air agus stróic siad ón [a] mhullach go dtí a sháil. Chuala mise gurb é sin an faolchú fo dheireadh a bhí in Éirinn.


Séamas Mac Amhlaidh, Bun na hAbhna, 1920

FOCLÓIR

folach : folú
cíob : cíb, ‘course mountain grass’
fuaimheas : brocais
thill sé : d’fhill sé
thill siad é : thiontaigh siad é
fallás : allas
thuit sé : thit sé
fo dheireadh : faoi dheireadh (i. deireanach)

No comments:

Post a Comment