Dé Domhnaigh, Meitheamh 03, 2012

Fear a' Bháta - leagan Reachlann


Seo thíos leagan Reachlann den amhrán grá clúiteach Albanach, Fear a' Bháta. 

Is cinnte gurb é seo ceann de na hamhráin is clúití sa Ghaeltacht ar fad agus go bhfuil an clú céanna tuilte aige. 

Tagann an leagan seo as 'Céad de Cheolta Uladh' le hÉnrí Ó Muireasa, (Rinneas atheagar air go pointe chun cuid den chaighdeánú a ruaigeadh).

Tá cuma ar an scéal gur bhailigh an Feirsteach Aoidhmín Mac Gréagóir é. fear a bhailigh cuid mhaith Gaeilge istigh san oileán.

Déarfainn go mbeadh cuma 'an-Albanach' ar an amhrán seo dar le cainteoirí na hathbheochana in Ultaibh inniu agus déarfainn gur a mhalairt a bheadh in intinn an Albanaigh, is é sin le rá go mbeadh cuma Éireannach air dar leis - ach Gaeilge Reachlann atá ann amach is amach.

Ar na mallaibh, chraol TG4 clár faisnéise ar cheol Reachlann, caitheadh cuid mhór den chlár sin ag caint ar 'Fear a' Bháta' - dar ndóigh. 

Ceolann an Reachlainneach Treasa McFaul leagan álainn den amhrán, tugann an saineolaí Sorcha Nic Lochlainn léargas iontach dúinn, mar a thugann Gusty McGurdy i stair an oileáin.


Seo cuid a haon : 













Seo cuid a dó : 






Seo focail an amhráin i leagan Reachraidh : 

Fear A Bháta


I

Théid mé suas ar an chnoc is airde
Féach a bhfeic mé fear a bháta
An dtig thú anocht nó an dtig thú amárach?
Muna dtig thú idir is trua atá mé

 Curfá:

 A fhir a bháta is na horó eile
 A fhir a bháta is na horó eile
A fhir a bháta is na horó eile
Mo shoraidh slán leat gach áit a dtéid thú

 II

Tá mo chroíse briste brúite
 Is tric na deora a rith bho mo shúileann
 An dtig thú inniu nó am bídh mé dúil leat?
 Nó an druid mé an doras le osna thuirseach?

Curfá

III

Is tric mé fiosrach do lucht na mbátan
An bhfeic iad thú nó an bhfeil thú sabháilte 
Ach is ann atá chuile haon á ráite 
Gur gorach mise má thug mé grá duit 

 Curfá

IV 

Gheall mo leannán domh gúna den tsíoda,
Gheall é sin agus breacán riabhach,
Fáinne óir ann a bhfeicfinn íomha,Ach is eagal liom go dean é díchuimhne.

Cúrfá

V

Chan fheil baile beag anns am bidh thú,
Nach dean thú gléas a chur do scíos díot
Beir thú lámh ar do leabhar ríofa 
Ag gabháil duanóg is ag buaireamh níon óg.

Cúrfá

VI

Cé go ndúirt iad go rabh tú éadrom,
Cha do laghdaigh siúd mo ghaol ort,
Ba thú mo aisling anns an oíche,
Is anns an mhaidin  bhá mé dhá éineacht.

Cúrfá

VII


Thug mé gaol duit is chan fhéad mé 'athrú
Cha gaol bliana is cha gaol ráithe
Ach gaol ó thoiseacht nuair bha mé 'mo pháiste
Is nach seasc a choíche me gus cloígh' an bás mé.

Curfá

VIII

Tá mo chairdean go tric a ráite 
Go bhféidí mé d'íomhá a chur ar díchuimhne,
Ach tá an comhairle domh chomh diamhair
Is a bheith a stad an trá 's an líonadh.

Curfá

IX

Tá mo chroí-se a dul in airde 
Chan ó fhidleoir, chan ó chláirseoir,
Ach ó stiúrthóir an bháta,
Is mura dtig tú abhaile is trua mar atá mé.

Curfá

X

Bidh mé tuille go tuirseach deorach,
Mar eala bhán is í i ndiaidh a réabhta,
Gológ bháis aici ar lochán féarach,
Is cách uile in diaidh a tréigsin.

Is dócha gurb é leagan Capercaille de 'Fear ' Bháta' an ceann is clúití inniu : 




Seo leagan Albanach den amhrán : 



Séist:
Fhir a' bhàta, na hóro eile
Fhir a' bhàta, na hóro eile
Fhir a' bhàta, na hóro eile

Mo shoraidh slàn leat 's gach àit' an déid thu
'S tric mi sealltainn on chnoc as àirde
Dh'fheuch am faic mi fear a' bhàta
An dig thu 'n-diugh na 'n dig thu màireach

'S mar dig thu idir gur truagh a tha mi
Tha mo chridhe-sa briste brùite
'S tric na deòir a ruith o m' shùilean
An dig thu nochd na 'm bi mo dhùil riut

Na 'n dùin mi 'n doras le osna thùrsaich?
'S tric mi faighneachd de luchd nam bàta
Am fac' iad thu na 'm bheil thu sàbhailt
Ach 's ann a tha gach aon dhiubh 'g ràitinn

Gur gòrach mise ma thug mi gràdh dhut
Gheall mo leannan dhomh gùn dhen t-sìoda
Gheall e siud agus breacan rìomhach
Fàinn' òir anns am faicinn ìomhaigh

Ach 's eagal leam gun dèan e dìochuimhn'
Ged a thuirt iad gun robh thu aotrom
Cha do lughdaich siud mo ghaol ort
Bidh tu m' aisling anns an oidhche

Is anns a' mhadainn bidh mi 'gad fhaighneachd
Thug mi gaol dhut 's chan fhaod mi àicheadh
Cha ghaol bliadhna 's cha ghaol ràithe
Ach gaol a thòisich nuair bha mi 'm phàiste

'S nach searg a chaoidh gus an claoidh am bàs mi
Tha mo chàirdean gu tric ag innseadh
Gum feum mi d' aogas a leig' air dìochuimhn'
Ach tha 'n comhairle dhomh cho dìomhain

'S bi tilleadh mara 's i toirt lìonaidh
Bidh mi tuille tùrsach deurach
Mar eala bhàn 's i an dèidh a reubadh
Guileag bàis aic' air lochan feurach
Is càch gu lèir an dèidh a trèigeadh

No comments:

Post a Comment