Dé Sathairn, Meitheamh 16, 2012

Scéal Reachraidh : Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam


Scéal Béaloidis as Oileán Reachlann, ba é Domhnall Mac Mhuircheartaigh an cainteoir. 

[Note : The mp3 host, 'Yudu' seems to be having problems today (17th July, 2012) - try again later if it doesn't work]

Is féidir éisteacht leis anseo / You can listen to it here.

Bhá trí daoine ann reamha seo, an ainm a bhá ortha: Gígeam
agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam.

Arsa Gígeam le Geoigeam,

"Eirg na mhuileann." (Arsa Geoigeam, "Eírigh thu fhéin.").

Arsa Bol Bocht go Lógam, "Théid  sinn uile go léir."

Thug ead an tíoradh na bháile. Arsa Gígeam le Geoigeam, "Eírigh, agus déan bannach."

Eirigh thu fhéin." Arsa Bol Bocht go Leoigeam, “Théid sinn uile go léir."

Dh'írigh an trí, agus rinn ead an bannach. Air a bhá e réidh ar son a thionntachadh, arsa Gígeam, "Eírigh, agus tionntaigh an bannach."

Arsa Geoigeam, " Eirigh thu fhéin." Arsa Bol Bocht a Leogam, "Théid  sinn uile go léir."

Dh'írigh an trí, agus thionntaigh ead e.

Thainigh an madadh ruadh isteach, agus thug e scrog as an bhannach. Thar shiubhál leis an mhadadh ruadh agus an bannach na dhéidh. 'Mach le Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam as déidh an bhannach.

Thainigh an bannach go dtí triúr bhuaint na mónadh. "Cáit an dtainigh thu as, a bhánnaigh bhocht?"

“Thainigh me o Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam, agus bídh me bhuabh-se ma dh’fhaodas me.”

Thilg ead síos na falta mónadh, (agus) as déidh an bhannach. Thainigh an bannach go ceathrar ag réidheadh (?) na gcoille(adh).

"Cáit an dtainigh thu, a bhannaigh bhocht?"

"Dh'fhág me an choillidh ud thall. Thainigh me as Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam, agus an triúr bhuaint na mónadh, agus bídh me bhuabh-se ma dh’fhaodas me.”

Glic : An Madadh Ruadh
Thilg ead síos na tuaghan, agus as déidh an bhannach. Thainigh
an bannach go dtí abhainn, agus cha b'urra leis an bhannach dol trasna an abhainn. Thachair e air an mhadadh ruadh.

"Cáit an dtainigh thu, a bhannaigh bhocht?"

"Thainigh me o Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Leoigeam, agus an triúr bhuaint na monadh, agus an ceathrar ag réidheadh (?) na coille(adh), agus bídh me bhuait-se ma dh'fhaodas me."

"Goidé mar a tá thu dol thar an abhainn?"

Chuaidh e isteach an abhainn, agus dúirt e leis an bhannach teacht air a iorball.

"Bhfeil thu fliuch anois? "

" Tá, tá, tá."

"Tig air mo rumpa. Bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá, tá."

"Tig air mo dhruim. Bhfeil thu fliuch anois ?"

" Tá, tá."

"Tig air mo cheann. Bhfeil thu fliuch anois?"

"Tá, tá."

"Tig air barr mo shróin. Bhfeil thu fliuch anois ?"

"Ta, ta."

"Tig air mo liobar ard. Bhfeil thu fliuch anois ? "

Whagh! Agus s(h)luig an madadh an bannach.

Nótaí : 


* Is féidir leagan caighdeánta den scéal seo a léamh in Williams, N.J.A, Cniogaide cnagaide : rainn traidisiúnta do pháistí (Baile Átha Cliath : An Clóchomhar, 1988), l. 180-183

* Fuair Williams é in Holmer (Nils M.): The Irish language in Rathlin Island, Co. Antrim.Dublin: R.I.A., 1942. vi + 247 pp. (= Todd lecture series, vol. 18)


* Seo nótaí Chiaráin Uí Dhuibhín ar Dhomhnall Mac Mhuireachtaigh...

"Daniel (or Dónal) McCURDY (Domhnall John Ruaidh), Claggan and Gortconny
Brother of Maggie McCurdy above.
Born c1882.
1901-19: An Chloigeann 4.    (S)
1911-29: An Chloigeann 1 (G) (S)
His parents and siblings as for Maggie McCurdy above.
Unmarried.
Tagairtí:
   HR page 4, cainteoir 15b - Ballycastle (1937)
   CÓB - beo i 1961
   LASID I p. xiv. Aged between 50 and 60 in 1952. Farmer. Could converse 
      freely in Irish.
   IBE viii, 23
   CBÉ ms 657 lgh 375–388 (Gortconny, formerly Kinramer)
   Pioctúir: Rugged 74"

Féach : http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/cainnteoir/aontruim.txt






9 comments:

  1. Scottish Gaelic speaker has informed me that he could understand 30% without consulting the text and 50% with the text.

    ReplyDelete
  2. Go rabh maith agat arist bha léamh deas maidin Dhomnaigh!

    Eoghan

    ReplyDelete
  3. Manx speaker reports almost zero comprehension - but states that speaker himself is unclear.

    There are some issues of course with age although I don't think he was that age.

    However - he diction is very good, he is after all speaking an lesser known dialect even in Irish terms.

    ReplyDelete
  4. Speaker of both Irish (but not Ulster Irish) and Scottish Gaelic reports that the dialect of rathlin to her ear "closer to Scottish Gaelic"

    ReplyDelete
  5. Islay speakers stated "Uill, tha e doirbh gun a bhi a' leughadh an teacsa! Abair inntinneach!"

    - hard not to read the text!

    ReplyDelete
  6. The opaque effect is cute but distracting.

    ReplyDelete
  7. 'S e Gàidhlig Chomhghaill a th' agam agus tha mi 'tuigsinn na cuid as motha dheth gun dragh sam bith. 'S e 'n dòigh-labhairt aige bha car duilich, ach a' Ghàidhlig fhèi', bha fuathasach furasda.

    As a Cowal Gaelic speaker, I could understand about 85% of it without reference to the text, once I had gathered the names and other such things that would not have been plain without consulting the text initially.

    Only the way he spoke itself posed any difficulties. The Gaelic was plain as day.

    The bridge will be rebuilt....


    Àdhamh Ó Broin

    ReplyDelete
  8. Speaker of Cowal Gaelic in Arygll reports ...

    "‎'S urrainn gu dearbh. Cuid mhòr dheth. 'S e an aon Gàidhlig a th' agam. Chan eil atharrachamh eadarra idir ach facal 's gnàthas no dithist...."

    I can [understand it] surely. A good bit of it. It is the same Gaelic I have. There is not much difference, just a word and idiom or two.

    ReplyDelete
  9. Míle maith agat. Tá súil agam go mbeidh sos maith agat. Tá leabhar agat anseo má tá tú ag iarraidh na píosaí a chur le chéile :)

    ReplyDelete